Dáithí Ó Sé: An pórtar ag sileadh amach asam go fóill tar éis trí lá iontacha ag Féile Willie Clancy!

Seachtain Willie Clancy ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Bhí an bua ag Luimneach

thumbnail: Seachtain Willie Clancy ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
thumbnail: Bhí an bua ag Luimneach
Dáithí Ó Sé

Seachtain Willie Clancy, an bhfuil seachtain níos fearr sa bhliain? Bíonn sé chomh maith sin dom go gcuirim seachtain iomlán isteach i dtrí lá.

Le bheith fírinneach ní chaithim ach dhá lá ann de ghnáth, ach nuair a fuaireas glaoch ó bhean an tí fanacht dá mba mhaith liom ní raibh an dara rogha agam, bhuel bhí gan dabht ach bhí sé ar nós bronntanas ó Dhia.

Cé gurb é an diabhail a bhí taobh liom ar mo shlí abhaile. Ní dóibh liom go rabhas riamh chomh traochta im’ shaol is a bhíos maidin Dé hAoine ag dul abhaile. Traochta in ana-chuid slite ach ó bheith ag gáirí an ceann is mó.

Bhíos le triúr eile agus réitímid go hana-mhaith le chéile. Cúpla amhrán is port agus míle scéal. Bhí sé de cheart agam na scéalta a scríobh síos mar tá a bhformhór imithe as mo cheann. Scéal nó dhó ag teacht ar ais chugam ó am go chéile – rud a chuireann meangadh orm.

Bhí daoine ann ó gach áit. Tugann an ócáid seo deis bualadh le daoine ar mo chuma fhéin agus deis mhaith atá ann bualadh leis na seana-chairde agus bhíodar ann go tréan.

Cuid acu nár stad ag seimnt ó mhaidin go tráthnóna ó cheann ceann na seachtaine. Má bhíos traochta n’fheadar conas a bhí acu sin. Marbh ar fad is dócha.

Bhíos ag obair i bPáirc an Chrócaigh ar an Satharn den gcéad uair an séasúr seo. Luimneach agus an Ghaillimh i gcluiche leath-cheannais na hÉireann. Bhí an Ghaillimh ar cheann dos na foirne a bhain preab as Luimneach an bhliain seo caite agus cheapas gur amhlaidh a bheadh an uair seo agus sin go díreach a tharla sa chéad leath, cé go raibh rudaí ag sleamhnú agus cúpla nóiméad le dul.

Bhí sruth eile i gceist sa dara leath agus más as Luimneach duit agus tú á léamh seo tánn tú ana-shásta leis seo.

Bhí díomá an domhain ar leaideanna an iarthair agus cé gur foireann níos fearr atá iontu i mbliana, is meaisín eile ar fad iad Luimneach.

Rud a thaithin go mór liom fé leaideanna Luimnigh ná gur chaitheadar tamall maith leis an slua ag tógaint pictiúr agus ag caint leo. Is breá liom é sin a fheiscint. Tá sé go hiontach dos na buachaillí agus cailíní óga.

Ní bhíonn fonn ar an bhfoireann a chailleann an rud céanna a dhéanamh agus thuigfeá dóibh. Scéal difriúil dóibh siúd é.

Bhí sé deas tamall a chaitheamh le mo bheirtse ag siúl timpeall Bhleá Cliath, rud nár dheineas le fada. Bhíomar ag rá leis an bhfear beag nuair a bhíodh an bheirt againn inár gcónaí ansan go mbíodh ‘paca sceallóg’ – na rudaí cearta ós na hIodálaigh atá i gceist agam – againn uair sa tseachtain agus bheartaíomar an rud céanna a dhéanamh faid is a bhíomar sa chathair.

Bhíodar go hálainn. Níl aon dabht ach gurb iad na rudaí simplí is fearr sa tsaol seo.

Sa bhaile aríst agus tosnaíonn an traenáil don Rós an tseachtain seo, níl aon dabht ach go mbeidh pórtar Willie Clancy ag sileadh amach asam.